header-banner
family




Fáilte go
TVLicence.ie

An bhfuil Ceadúnas Teilifíse Uait? An bhfuil do Sheoladh Athraithe agat?

Bain úsáid as ár seirbhís mhear áisiúil chun an ceadúnas atá agat a athnuachan, do chéad cheadúnas Teilifíse a cheannach nó do shonraí pearsanta a athrú.

background-bg

Cá dtéann d’íocaíocht cheadúnais?

Bailíonn An Post an táille ceadúnas teilifíse agus dáileann an An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Ón bhfáltas ceadúnas teilifíse, íocann an Roinn coimisiún do An Post i leith ghníomhaíochtaí a ghlacann An Post mar chúram air fhéin ina ról mar ghníomhaire bailiúcháin don Aire.

Coimisiún na Meán

Anuas ar sin, íoctar 7% den bhfáltas iomlán glan de choimisiún An Post Coimisiún na Meán le haghaidh feidhmiú den Scéim Cistiúcháin Craolacháin, a sholáthraíonn cistiú mar thacaíocht do chláir ar ardchaighdeán faoi chultúr, faoi oidhreacht agus faoi thaithí na hÉireann agus do chláir chun litearthacht aosach a fheabhsú. Is féidir le léiritheoirí agus le craoltóirí neamhspleácha ioncam a lorg ón gciste seo le haghaidh tionscadal áirithe a bhfuil gné éigin de sheirbhís phoiblí ag baint leo.


Íoctar gach cuid eile den ioncam atá fágtha do RTÉ.

Íoc Ar Líne
tv-desk

An bhfuil gléas teilifíse i d’oifig/i d’áitreabh gnó?

An bhfuil gléas teilifíse i d’oifig/i d’áitreabh gnó?




Má tá gléas teilifíse agat ag d’áitreabh gnó tá oibleagáid dhlíthiúil ort ceadúnas teilifíse bailí a bheith agat. Níl aon cheanglas ceadúnas teilifíse a bheith agat le haghaidh gach gléas teilifíse toisc go gclúdaíonn ceadúnas teilifíse amháin gach gléas teilifíse ag áitreabh amháin.

Is gá ceadúnas teilifíse bailí a bheith agat freisin fiú amháin mura bhfuil sé in úsáid ach do chruinnithe nó ar chúiseanna oiliúna amháin.

Íoc Ar Líne