Eolas faoi cheadúnas teilifíse saor in aisce

Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil chun fiosrú an bhfuil mé i dteideal ceadúnas teilifíse saor in aisce a fháil?
Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ag 0818 200 400.

Tá mo cheadúnas teilifíse in éag ach tá iarratas curtha isteach agam don Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh ceadúnas teilifíse saor in aisce, Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Má tá gléas teilifíse agat sa bhaile tá oibleagáid dhlíthiúil ort ceadúnas teilifíse bailí a bheith agat. San áireamh ins an méid sin tá an tréimhse idir an dáta a ndeachaigh do cheadúnas teilifíse in éag agus an cinneadh faoi do cheadúnas teilifíse saor in aisce.

Tá mé ag íoc as mo cheadúnas teilifíse le Dochar Díreach agus tá ceadúnas teilifíse saor in aisce faighte agam ón Roinn Coimirce Sóisialaí. An féidir liom deireadh a chur le mo chuid íocaíochtaí?
Má tá tú ag íoc as ceadúnas teilifíse i dtráthchodanna roimh do cheadúnas teilifíse saor in aisce a bheith bronnta ort is gá duit leanúint ar aghaidh ag íoc na dtráthchodanna atá fágtha don cheadúnas teilifíse sin.Ar íoc den íocaíocht dheireanach duit cuirfimid an comhaontú Dochar Díreach ar ceal agus ní lorgófar aon íocaíochtaí eile ina dhiaidh sin. Ní thagann an ceadúnas teilifíse saor in aisce i bhfeidhm go dtí go dtéann an ceadúnas teilifíse íoctha in éag.