Ceadúnas Teilifíse Ceisteanna Coitianta


Cé mhéad a chosnaíonn Ceadúnas Teilifíse faoi láthair?
Cén t-eolas atá uaim chun mo cheadúnas teilifíse a athnuachan?
An gá ceadúnas teilifíse ar leith a bheith agam do mo theach saoire?
Conas a cheannaím Ceadúnas Teilifíse agus cá háit?
Cad a bhíonn de dhíth maidir le Ceadúnas Teilifíse a athnuachan in Oifig an Phoist?
Tá Ceadúnas Teilifíse agam don teilifíseán sa bhaile, an gá dom Ceadúnas Teilifíse eile a bheith agam don teach saoire?
Táim tar éis teilifíseán a cheannach agus is mian liom ceadúnas a fháil, conas a dhéanaim sin?
Má cheannaím Ceadúnas Teilifíse tríd an ionad glaonna, conas a thiocfaidh an Ceadúnas Teilifíse chugam agus cathain?

An gá dom Ceadúnas Teilifíse a bheith agam do theilifíseán in áitreabh gnó nuair nach mbíonn sé in úsáid ach amháin le haghaidh traenála?
Cé leis a ndéanaim fiosrúchán maidir le Ceadúnas Teilifíse?
Is mian liom íoc trí dhochar díreach, conas a dhéanaim sin?
Is dóigh liom go mbeinn i dteideal ceadúnas a fháil saor in aisce, conas a théim ina bhun sin?
An bhfuil modh faoi leith ann ina ndéanfainn gearán faoi Chigire Ceadúnas Teilifíse? Cé leis ar cheart dom labhairt?
An dteastaíonn ceadúnas sa chás nach bhfuil uasghrádú déanta ar an teilifíseán agam chun glacadh le comharthaí digiteacha?
Is mian liom an seoladh ar an gCeadúnas Teilifíse atá agam a athrú ach níl an Uimhir Thagartha Teilifíse ná an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) agam chun an tseirbhís ar líne a úsáid. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Tá fógra maidir le ceadúnas teilifíse faighte agam ach níl aon ghléas teilifíse i mo theach/i m’áitreabh gnó?






Cé mhéad a chosnaíonn Ceadúnas Teilifíse faoi láthair?
€160

Cén t-eolas atá uaim chun mo cheadúnas teilifíse a athnuachan?
Ag oifig an phoist
Ionas nach gcuirfear moill ar chúrsaí san oifig phoist tá sé tábhachtach an fógra meabhrúcháin a bhreith leat mar go ndéanfar scanadh ar an mbarrachód atá ar an bhfógra ag an gcuntar.
Ar líne
Is gá d’Uimhir Thagartha Ceadúnas Teilifíse agus d’Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) ón bhfógra meabhrúcháin is déanaí a bheith agat ionas gur féidir leat logáil isteach agus an íocaíocht a dhéanamh.
Ar an Teileafón
Is gá d’Uimhir Thagartha Ceadúnas Teilifíse agus d’Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) ón bhfógra meabhrúcháin is déanaí a bheith agat.

An gá ceadúnas teilifíse ar leith a bheith agam do mo theach saoire?
Is gá. Is gá ceadúnas teilifíse ar leith a bheith agat do do theach saoire. Is gá ceadúnas teilifíse a bheith ag aon áitreabh a bhfuil teilifís ann. I gcás go bhfuil árasáin ann is gá ceadúnas ar leith a bheith ann do gach árasán.

Conas a cheannaím Ceadúnas Teilifíse agus cá háit?
Is féidir Ceadúnas Teilifíse a cheannach trí aon cheann de na modhanna íocaíochta seo a leanas a úsáid:
An tSeirbhís do Cheadúnas Teilifíse ar an Idirlíon a úsáid
In Oifig an Phoist
Trí ghlaoch ar Íosghlao1890 228528 - Cárta Laser nó cárta creidmheasa (seirbhís 24 uair a chloig)
Oifig Thaifead Ceadúnas Teilifíse - seic
Stampaí Coigiltis don Cheadúnas Teilifíse (ar fáil i ngach Oifig an Phoist)
Ionaid áirithe PostPoint

Cad a bhíonn de dhíth maidir le Ceadúnas Teilifíse a athnuachan in Oifig an Phoist?
An Uimhir Thagartha Teilifíse reatha, a luaitear ar an meabhrúchán a seoladh ó bhrainse an Cheadúnais Teilifíse. Ar mhaithe le moilll a sheachaint in Oifig an Phoist, is den tábhacht an meabhrúchán a bheith leat agat toisc go ndéantar an meabhrúchán a scanáil ag an gcuntar.

Tá Ceadúnas Teilifíse agam don teilifíseán sa bhaile, an gá dom Ceadúnas Teilifíse eile a bheith agam don teach saoire?
Is gá Ceadúnas Teilifíse faoi leith don teach saoire. Ní mór Ceadúnas Teilifíse le haghaidh gach áitreabh ina bhfuil teilifíseán. I gcás arasán ní mór ceadúnas faoi leith do gach árasán faoi leith.


Táim tar éis teilifíseán a cheannach agus is mian liom ceadúnas a fháil, conas a dhéanaim sin?
Is féidir leat aon cheann ar bith de na modhanna íocaíochta thuasluaite a úsáid, agus a lua gurb é an chéad cheadúnas atá á cheannach agat.


Má cheannaím Ceadúnas Teilifíse tríd an ionad glaonna, conas a thiocfaidh an Ceadúnas Teilifíse chugam agus cathain?
Seolfar Ceadúnas Teilifíse tríd an bpost chuig do sheoladh idir 10 agus 14 lá tar éis duit an ceadúnas a cheannach.


An gá dom Ceadúnas Teilifíse a bheith agam do theilifíseán in áitreabh gnó nuair nach mbíonn sé in úsáid ach amháin le haghaidh traenála?
Is gá. Is gá Ceadúnas Teilifíse le haghaidh gach áitreabh ina bhfuil teilifíseán, beag beann ar an úsáid a bhaintear as. Má tá gnólachtaí eile in aon áras leat, ní mór ceadúnas faoi leith a bheith ag gach gnólacht a bhfuil teilifíseán aige.


Cé leis a ndéanaim fiosrúchán maidir le Ceadúnas Teilifíse?
An Oifig Thaifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil.


Is mian liom íoc trí dhochar díreach, conas a dhéanaim sin?
Líon isteach an sainordú dochair dhírigh agus seol ar ais é chuig an Oifig Thaifead Ceadúnas Teilifíseáitiúil.


Is dóigh liom go mbeinn i dteideal ceadúnas a fháil saor in aisce, conas a théim ina bhun sin?
Ba cheart duit glaoch ar an Roinn Coimirce Sóisialaí (fuinneog eile) ar Íosghlao1890500000 chun foirm iarratais maidir leis an bPacáiste Sochair Teaghlaigh a fháil. Líon isteach an fhoirm agus seol ar ais í chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí, Brainse na Scéimeanna Saor in Aisce, Oifig na Seirbhísí Pinsean, Saorphost, Bóthar an Choláiste, Sligeach. As sin a eiseofar an ceadúnas saor in aisce.


An bhfuil modh faoi leith ann ina ndéanfainn gearán faoi Chigire Ceadúnas Teilifíse? Cé leis ar cheart dom labhairt?
Má tá aon ní le cur in iúl agat faoi Chigire Ceadúnas Teilifíse nó aon ábhar buartha ina leith, cuir ar an eolas sinn le do thoil:

Teileafón: 01 705 7670 idir 9.00 r.n. agus 5.00 i.n.

Litir:
Jim Brady
Seirbhísí Ceadúnais
3B GPO
Baile Átha Cliath 1

Ríomhphost: jim.brady@anpost.ie agus bí cinnte go luann tú sonraí comhfhreagrais

An dteastaíonn ceadúnas sa chás nach bhfuil uasghrádú déanta ar an teilifíseán agam chun glacadh le comharthaí digiteacha?
Seo a leanas an sainmhíniú a thugtar ar theilifíseán in Alt 140 (1) san Acht Craolacháin 2009:

ciallaíonn “gléas teilifíse” aon ghaireas leictreonach a fhéadfaidh seirbhísí craolacháin teilifíse a ghlacadh agus a thaispeáint a chraoltar lena nglacadh go coitianta (cibé acu atá nó nach bhfuil a úsáid chun na críche sin ag brath ar aon ní eile a úsáid ina theannta) agus aon bhogearraí nó aon chóimeáil arb é atá inti gaireas den sórt sin agus gaireas eile


Is mian liom an seoladh ar an gCeadúnas Teilifíse atá agam a athrú ach níl an Uimhir Thagartha Teilifíse ná an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) agam chun an tseirbhís ar líne a úsáid. Cad is ceart dom a dhéanamh?

Mura bhfuil d'Uimhir Thagartha Teilifíse 17 ndigit agat ná an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) 5 dhigit, ba cheart duit litir nó teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig an Oifig Thaifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil agus aistriú ceadúnais a iarraidh. Tá na sonraí comhfhreagrais le fáil ar thaobh na láimhe deise in uachtar an leathanaigh sa chomhfhreagras leat maidir leis an gCeadúnas Teilifíse. Luaigh, le do thoil, na sonraí seo a leanas san iarratas:

D'ainm (i.e ainm Shealbhóir an Cheadúnais)
An seanseoladh poist ina iomláine - ainm agus uimhir an tí san áireamh, más cuí
An seoladh poist nua ina iomláine - ainm agus uimhir an tí san áireamh, más cuí
Ainm an áitritheora roimhe seo (san áitreabh nua seo agat féin) más cuí, ionas gur féidir an taifead sin a bhaint amach as Bunachar Sonraí Náisiúnta an Cheadúnais Teilifíse

** Mura bhfuil tú cinnte cén áit a bhfuil d'Oifig Thaifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil, seol do chuid sonraí le do thoil chuig tvlicence.web@anpost.ie


Tá fógra maidir le ceadúnas teilifíse faighte agam ach níl aon ghléas teilifíse i mo theach/i m’áitreabh gnó?
Is gá duit an fhoirm dhearbhaithe, ar Dearbhú Reachtúil a chomhlánú agus í a chur ar ais go dtí d’Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil.

Le haghaidh fiosrúchán ginearálta ar fad déan teagmháil le do thoil le d’Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil.