Cheadúnas Teilifíse Ceisteanna Coitianta ar an idirlíon


Cheadúnas Teilifíse Ceisteanna Coitianta ar an idirlíon

Conas a dhéanaim athnuachan ar Cheadúnas Teilifíse ar an idirlíon?
Conas gur féidir liom mo sheoladh a athrú ag baint úsáide as an seirbhís ar líne?
Ní raibh Ceadúnas Teilifíse riamh agam go dtí seo. Conas a fhéadaim íoc ar an idirlíon?
Cad é Ceadúnas Céaduaire?
Cén fáth a mbíonn orm sonraí comhfhreagrais a lua agus an tseirbhís ar an idirlíon in úsáid agam?
Cathain a thiocfaidh an Ceadúnas Teilifíse chugam má dhéanaim an ceannach ar an idirlíon?
Cathain a fhéadaim a bheith ag súil go mbeidh leasú déanta maidir le mo sheoladh / mo shonraí pearsanta?
An bhféadaim an Uimhir Thagartha Teilifíse chéanna agus an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) chéanna a úsáid gach bliain?
An féidir an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) a fháil ar an teileafón nó trí theachtaireacht ríomhphoist?
Tá an meabhrúcháin maidir leis an gCeadúnas Teilifíse imithe amú orm ach is mian liom athnuachan a dhéanamh ar an idirlíon. Cad a fhéadaim a dhéanamh?
An bhfaighfidh mé admháil don íocaíocht ar líne?
An féidir mo Cheadúnas Teilifíse a sheoladh chuig seoladh eile?
Cé leis ar cheart dom labhairt má bhíonn deacracht agam leis an Seirbhís don Cheadúnas Teilifíse ar an idirlíon?

Conas a dhéanaim athnuachan ar Cheadúnas Teilifíse ar an idirlíon?
Roghnaigh an rogha maidir le "Sonraí Pearsanta a athrú" ar leathanach na Seirbhíse Ar Líne agus Logáil isteach leis an Uimhir Thagartha Teilifíse 17 ndigit agus an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) 5 dhigit. Tá na huimhreacha sin ar fáil ag barr an leathanaigh ar thaobh na láimhe deise ar an meabhrúchán.

Conas gur féidir liom mo sheoladh a athrú ag baint úsáide as an seirbhís ar líne?
Roghnaigh “Athraigh Sonraí Pearsanta” ar ár leathanach Seirbhís Ar Líne agus logáil isteach leis an Uimhir Thagartha Ceadúnas Teilifíse a bhfuil 17 ndigit inti agus le d’Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) a bhfuil 5 dhigit inti. Tá na huimhreacha seo ar fáil in uachtar ar dheis den fhógra meabhrúcháin Ceadúnas Teilifíse.


Ní raibh Ceadúnas Teilifíse riamh agam go dtí seo. Conas a fhéadaim íoc ar an idirlíon?

Roghnaigh an rogha maidir le "Ceadúnas den chéad uair" ar leathanach na Seirbhíse ar an Idirlíon agus líon isteach an fhoirm. Is féidir íoc le cárta Laser, Visa nó Mastercard.


Cad é Ceadúnas Céaduaire?

Is Ceadúnas Teilifíse den Chéad Uair gach ceadúnas nach trí athnuachan a thugtar é. Bíonn feidhm leis ón lá a dtugtar é agus leanann sé i bhfeidhm go ceann an aonú míosa déag tar éis na míosa a dtugtar é.


Cén fáth a mbíonn orm sonraí comhfhreagrais a lua agus an tseirbhís ar an idirlíon in úsáid agam?
Ní foláir sonraí comhfhreagrais de chineál amháin ar a laghad a chur ar fáil agus Ceadúnas Teilifís á cheannach agat nó leasú a bheith á dhéanamh maidir le do chuid Sonraí Pearsanta. Tugann sin deis do na Seirbhísí Ceadúnais ag An Post déileáil go tráthúil le haon fhiosrúchán.

Tugtar faoi deara : Baintear amach do chuid sonraí comhfhreagrais as an mBunachar Teilifíse aon mhí amháin tar éis an dáta ceannacháin (mura mbíonn roghnaithe agat glacadh le comhfhreagras leictreonach).


Cathain a thiocfaidh an Ceadúnas Teilifíse chugam má dhéanaim an ceannach ar an idirlíon?

Beidh an Ceadúnas Teilifíse agat taobh istigh de 10 lá oibre.


Cathain a fhéadaim a bheith ag súil go mbeidh leasú déanta maidir le mo sheoladh / mo shonraí pearsanta?
Tabhair 10 lá oibre dúinn, le do thoil, maidir le leasú a dhéanamh ar sheoladh / ar shonraí pearsanta sa bhunachar sonraí don Cheadúnas Teilifíse.


An bhféadaim an Uimhir Thagartha Teilifíse chéanna agus an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) chéanna a úsáid gach bliain?
Ní fhéadann. Cruthaítear Uimhir Thagartha nua agus Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) nua gach bliain agus cuirtear iad sin chugat leis an meabhrúchán Cheadúnas Teilifíse.

Nóta:
Coicís sula dtéann an Ceadúnas Teilifíse in éag a sheoltar an chéad mheabhrúcháin chugat.


An féidir an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) a fháil ar an teileafón nó trí theachtaireacht ríomhphoist?
Ní féidir sin, ar chúiseanna slándála. Is leis an meabhrúchán amháin a chuirtear an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) ar fáil. Bí cinnte, le do thoil, go gcoinnítear in áit shábháilte í.


Tá an meabhrúcháin maidir leis an gCeadúnas Teilifíse imithe amú orm ach is mian liom athnuachan a dhéanamh ar an idirlíon. Cad a fhéadaim a dhéanamh?
Is féidir leat dul go dtí an leathanach don tSeirbhís Idirlín agus an rogha maidir le "Ceadúnas den Chéad Uair" a roghnú. Déanfar an ceadúnas sin a cheangal leis an mbuntaifead agus féadfar go n-athrófaí an dáta éaga.

Tugtar faoi deara: D'fhéadfadh go mbeadh tamall níos faide i gceist le leasú a dhéanamh ar an taifead má roghnaíonn tú an modh seo.


An bhfaighfidh mé admháil don íocaíocht ar líne?
Ba cheart duit an Achoimre Idirbhirt a phriontáil nuair a thugtar an beart chun críche ar an idirlíon. Seolfar teachtaireacht ríomhphoist chugat chomh maith le leagan téacs den Achoimre Idirbhirt (má tá seoladh ríomhphoist luaite agat). Ba cheart duit sin a thaispeáint, le do thoil, sa chás go dtagann an Cigire Ceadúnas Teilifíse sula dtagann an Ceadúnas Teilifíse chugat ar an bpost.


An féidir mo Cheadúnas Teilifíse a sheoladh chuig seoladh eile?
Agus Ceadúnas Teilifíse á cheannach agat, is féidir Seoladh Poist a lua. Is chuig an seoladh a luann tusa ansin a sheolfar an Ceadúnas Teilifíse. Is chuig an seoladh céanna sin a luann tú a sheolfar meabhrúcháin maidir le Ceadúnas Teilifíse don áitreabh seo ina dhiaidh sin.