Ceadúnas Teilifíse Dochar Díreach

Is féidir táille an Cheadúnais Teilifíse a íoc as Cuntas Reatha trí Dhochar Díreach.

Fógra tábhachtach:

Beidh foirm nua iarratais agus sainorduithe SEPA don Dochar Díreach don Cheadúnas Teilifíse i bhfeidhm ón 14ú Samhain. Ón dáta seo beidh ort an fhoirm seo a úsáid nuair a dhéanann tú iarratas le híoc as Ceadúnas Teilifíse tríd Scéim an Dochair Dhírigh do Cheadúnais Teilifíse.
Le cur i bhfeidhm SEPA tá seans go dtabharfaidh tú roinnt athruithe faoi deara maidir leis an eolas ar idirbhearta leictreonacha agus maidir le huainiúchán íocaíochtaí isteach nó amach ar do chuntas bainc.
Ba cheart duit a chinntiú i gcónaí go bhfuil dóthain cistí i do chuntas roimh ré le freastal ar do cheangaltais maidir le Dochar Díreach de réir mar a bheidh siad dlite. I gcás nach bhfuil airgead i do chuntas chun freastal ar dhochar díreach, cuirfear ar ais é gan a bheith íoctha agus d’fhéadfaí go ngearrfaidh do bhanc táille ort.

Roghanna Íocaíochta le Dochar Díreach
Conas is féidir Dochar Díreach a chruthú ?
Cad is SEPA ann ?
Cad is BIC ann ?
Cad is IBAN ann ?
Cá bhfuil mo BIC agus mo IBAN ?
Airgead Dóthanach
Cathain a bhainfear an t-airgead as mo chuntas ?
An féidir liom rogha íocaíochta an Dochair Dhírigh a athrú ?
Cuntais Bainc a athrú
Féilire Dochair Díreach
Dochar Díreach: Téarmaí agus Coinníollacha




Roghanna Íocaíochta le Dochar Díreach
Tá ceithre rogha íocaíochta ann

Bliantúil - Tráthchuid bhliantúil amháin do tháille iomlán an Cheadúnas Teilifíse (€160)
Leathbhliantúil - Dhá thráthchuid sé-mhíosúil de €80
Ráithiúil - Ceithre thráthchuid chothroma ráithiúla de €40
Míosúil - Costas táille an Cheadúnas Teilifíse a íoc thar dhá mhí dhéag. Íoc €13.33 sa mhí


Conas is féidir Dochar Díreach a chruthú?
Íoslódáil foirmeacha iarratais agus sainordaithe do Dhochar Díreach nó iarr iad ag d'oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil.

Ní mór duit ansin na foirmeacha iarratais agus sainordaithe don Dochar Díreach a chomhlánú agus na foirmeacha comhlánaithe a chur chuig d'oifig taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil.


Ba cheart go mbeadh uimhir Thagartha do Cheadúnas Teilifíse ar aon litir a fuair tú ó Sheirbhísí Ceadúnais An Post. Mura bhfuil uimhir thagartha do Cheadúnas Teilifíse agat fág an chuid seo den bhfoirm folamh.

Ní bhaineann aon chostas breise le íoc as do Cheadúnas Teilifíse le Dochar Díreach.
Déan cinnte go bhfuil Téarmaí agus Coinníollacha an Dochair Dhírigh léite agat.

Nóta 1:
Postálfaidh Seirbhísí Ceadúnais An Post litir admhála chugat timpeall ar an 18ú lá den mhí ina gcruthaítear an Comhaontú Dochair Dhírigh.
Beidh na sonraí seo a leanas sa litir:
Méid na chéad tráthchoda (féach Nóta 3)
Dáta an chéad dochair
Sceideal íocaíochta do na tráthchodanna eile (féach féilire dochair )


Nóta 2:
Ní mór do na foirmeacha chomhlánaithe iarratais agus sainordaithe Dochair Dhírigh a bheith ag d'oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse roimh an 15ú lá den mhí ionas go dtosófar an íocaíocht sa mhí dar gcionn. Má fhaightear na foirmeacha iarratais agus sainordaithe Dochair Dhírigh tar éis an 15ú lá den mhí, ní chruthófar an comhaontú Dochair Dhírigh go dtí an mhí ina dhiaidh sin.


Nóta 3:
Déanfar gach riaráiste atá dlite go dáta a chur chun dochair i do chuntas bainc i do chéad thráthchuid. Nuair a bhíonn iarratas ar Dhochar Díreach á chruthú maidir le hathnuachan ceadúnais, beidh an dáta éaga reatha gan athrú agus baileofar aon riaráistí atá dlite sa chéad thráthchuid.


Cad is SEPA ann?
Tá an Limistéar Aonair d'Íocaíochtaí Euro (SEPA) comhdhéanta de 28 ballstát an AE, chomh maith leis an Íoslainn, Liechtenstein, An Iorua, An Eilbhéis agus Monaco. Sa limistéar seo is féidir leat íocaíochtaí a dhéanamh agus a fháil in euro, faoi na bunchoinníollacha, cearta agus oibleagáidí céanna, cibé áit ina bhfuil siad, idir teorannacha náisiúnta nó laistigh díobh.


Cad is BIC ann?
Is cód uathúil é an Cód Aitheantais Bainc nó BIC (nó seoladh SWIFT mar a thugtar air chomh maith) mar a aithnítear an banc atá rannpháirteach i mbearta airgeadais go cruinn. Nuair a úsáidtear é i gcomhar leis an IBAN ainmníonn sé an banc ina bhfuil cuntas an tairbhí.


Cad is IBAN ann?
Is ionann IBAN agus Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc, a cruthaíodh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeáin Baincéireachta (ECBS) agus Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) agus is caighdeán é atá aontaithe go hidirnáisiúnta (ISO 13616: 2003). Cruthaíodh é mar aitheantóir inmharthana praiticiúil do chuntais bainc, a úsáidtear go hidirnáisiúnta le aitheantas uathúil a thabhairt do chuntas custaiméara in institiúid airgeadais, d'fhonn cabhrú le híocaíochtaí trasteorann a dhéanamh saor ó earráidí agus le cumas phróiseáil íocaíochta díreach tríd a fheabhsú. Tá dualgas dlíthiúil ar bhancanna an AE IBAN a thabhairt dá gcustaiméirí le haghaidh gach cuntas bainc. Sampla de IBAN Éireannach: IE64IRCE92050112345678.


Cá bhfuil mo BIC agus mo IBAN?
Tá do BIC agus do IBAN clóbhuailte ar do ráiteas bainc. Is féidir leat iad a iarraidh go díreach ón mbanc chomh maith.




Airgead Dóthanach ?
Ciallaíonn airgead dóthanach iarmhéid sochair a bheith sa chuntas bainc a chlúdóidh an íocaíocht atá á iarraidh. Braitheann 'airgead dóthanach' ar an rogha íocaíochta a roghnaíonn an custaiméir:- nuair atá ceadúnas roimhe imithe in éag cheana féin, beidh riaráistí* dlite sa chás seo.

*Cuirfear aon riaráiste atá dlite do dáta chun dochair do chuntas bainc sa chéad tráthchuid. Nuair a chruthaítear sainordú dochair dhífigh maidir le hathnuachan ceadúnais, ní athraítear dáta éaga reata an cheadúnais. Bailítear aon riaráiste atá dlite go dáta ón daáta éaga roimhe sa chéad tráthchuid mar aon le tráthchuid na míosa seo.

Sampla:
Chuaigh an ceadúnas roimhe seo in éag ar 31 Eanáir agus socraítear an Comhaontú Dochar Díreach in Aibreán. Lorgófar an chéad tráthchuid i mí na Bealtaine ar an 3ú lá oibre agus san áireamh ann beidh riaráistí le haghaidh na míonna: Feabhra, Márta & Aibreán chomh maith le tráthchuid mhí na Bealtaine. Sa gcás seo thiocfadh na riaráistí go €39.99 agus is í tráthchuid mhí na Bealtaine ná €13.33, mar sin is é an t-iomlán a lorgófar ar an gcéad tráthchuid ná €53.32.

Cathain a bhaintear an t-airgead as an gCuntas ?
Tugtar liosta thíos de na dátaí ar a bhfuil cuntais reatha chustaiméirí le cur chun dochair. Déan tagairt don sceideal íocaíochta atá i do litir dheimhnithe do na míonna a thagraíonn don chineál rogha íocaíochta atá agat.


An bhféadaim an rogha íocaíochta le Dochar Díreach a athrú ?

Ní féidir an modh íocaíochta a roghnaíonn tú a athrú ach i rith na míosa a dtéann an Ceadúnas Teilifíse reatha in éag. Más mian leat an modh íocaíochta a athrú, déan íoslódáil ar an bhfoirm Dochair Dhírigh, comhlánaigh é agus seoltar ar ais láithreach í chuig an OIfig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil. De rogha air sin, is féidir glaoch ar an Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil ar an teileafón nó ríomhphost a chur agus déanfar foirm Dhochair Dhírigh a phostáil chugat.

Faigheann gach custaiméir a íocann le Dochar Díreach litir maidir le hathnuachan ar an gCeadúnas Teilifíse 3-4 sheachtain sula dtéann a gceadúnas in éag.


Cuntas Bainc a athrú ?
Más custaiméir tú a íocann le Dochar Díreach faoi láthair agus más mian leat do chuntas bainc a athrú, déan íoslódáil ar an bhfoirm Dochair Dhírigh, comhlánaigh í agus cuir chuig an Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil í. Mar mhalairt air sin is féidir leat teagmháil a dhéanamh ar an teileafón nó le ríomhphost leis an Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil agus cuirfear sa phost chugat í.



Nóta 4:
Ní féidir athrú a dhéanamh ar an modh íocaíochta a roghnaíonn tú ach i rith na míosa a dtéann an ceadúnas in éag.
Tugtar faoi deara: Ní féidir athrú a chur ar an modh íocaíochta a roghnaíonn tú ach amháin i rith na míosa a dtéann an Ceadúnas Teilifíse reatha in éag.


Féilire Dochair Díreach


Bliain
Dé Déardaoin 4 Eanáir 2024
Dé hAoine 2 Feabhra 2024
Dé Máirt 5 Márta 2024
Dé Déardaoin 4 Aibreán 2024
Dé hAoine 3 Bealtaine 2024
Dé Céadaoin 5 Meitheamh 2024
Dé Céadaoin 3 Iúil 2024
Dé hAoine 2 Lúnasa 2024
Dé Céadaoin 4 Meán Fómhair 2024
Dé Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2024
Dé Máirt 5 Samhain 2024
Dé Céadaoin 4 Nollaig 2024
Dé hAoine 3 Eanáir 2025








Téarmaí & Coinníollacha maidir le Dochar Díreach
Beidh Beidh an Comhaontú Dochair Dhírigh i bhfeidhm ó bhliain go bliain. Beidh feidhm le haon athrú a dhéantar ar tháille an Cheadúnas Teilifíse i ndáil le gach Ceadúnas Teilifíse a cheannaítear, nó ón táillí Ceadúnas Teilifíse a bheidh iníoctha amach anseo, tar éis an dáta a dtagann an táille i bhfeidhm. Cuirfidh An Post fógra chugat, sa phost, ar bhonn bliantúuil faoi na suimeanna a bheidh le baint as do Chuntas Reatha Bainc. Más mian leat minicíocht an rogha íocaíochta atá agat don chéad Cheadúnas Teilifíse eile a athrú, ní mór duit foirm iarratais nua a chomhlánú agus í a sheoladh chuig d'Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil 16 lá sula mbíonn an ceadúnas teilifíse le dul in éag. Ní ceadaithe duit an treoir dochair dhírigh a chur ar ceal ach sa mhí a bhfuil do Cheadúnas Teilifíse le dul in éag tar éis d'íocaíocht iomlán a bheith déanta.

Tá táille an Cheadúnas Teilifíse le híoc ó bhliain go bliain faoin Acht Craolacháin 2009 nó faoi reachtaíocht iartheachtach a chuimsíonn é. Faoin gcomhaontú Dochair Dhírigh seo tá oibleagáid faoin dlí ort costas iomlán an Cheadúnas Teilifíse a íoc. Tá riachtanas dlí ort leanúint ag íoc as do cheadúnas teilifíse ar feadh a thréimhse bailíochta cibé acu an gcaitheann tú uait an gléas teilifíse, má thugtar Ceadúnas Roinn Coimirce Sóisialaí duit, má fhágann tú an tír nó má bhogann tú go háitreabh eile atá clúdaithe cheana féin ag ceadúnas teilifíse nó in aon chúinse eile. Déanfar cúlghairm ar an gceadúnas mura n-íoctar aon tráthchuid de tháille do cheadúnas teilifíse agus beidh ort ansin ceadúnas iomlán a cheannach nó dul faoi inchúiseamh as ucht an Reachtaíocht Craolacháin a shárú.

Is féidir na suimeanna atá le cur chun dochair a athrú agus iad a chur chun dochair ar dhátaí éagsúla. Is ceart duit a chur in iúl don Bhanc dá réir sin más mian leat an treoir seo a chealú. Ni mór duit chomh maith an cealú a chur in iúl do An Post.