Ráiteas Slándála

Ráiteas Slándála

Tá sraitheanna éagsúla teicneolaíocht slándála tógtha sa bhonneagar teicniúil atá laistiar den tseirbhis TV Licence.ie le cinntiú go dtugtar cosaint do shonraí an chustaiméara agus nach gceadaítear ach úsáid atá údaraithe. Chomh maith leis sin, tá nósanna imeachta agus rialuithe diana inmheánacha curtha in áit le cinntiú go ndéantar an córas a oibriú ar bhealach gairmiúil slán. Fiú leis na córais shlándála is déine i bhfeidhm ní mór don chustaiméir réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh le linn rochtana agus úsáid na seirbhíse. Is ceart do chustaiméirí aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas go háirithe:


Déan cinnte go bhfuil an seoladh gréasáin ceart sonraithe i bhfuinneog an bhrabhsálaí
Is é www.tvlicence.ie Is é an t-aon seoladh gréasáin (URL) bailí don tseirbhís ná www.tvlicence.ie Seachain aon rud atá cosúil leis seo agus / nó a aimsítear mar thoradh ar chuardach toisc gur féidir le seoltaí mar seo a bheith ina suíomhanna gréasáin fioscaireachta atá ag iarraidh rochtain neamhúdaraithe a fháil ar do chuid sonraí pearsanta. Ní chuirfidh an Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse ríomhphostanna amach ag lorg eolais phearsanta. Má roghnaíonn tú ‘comhfhreagras leictreonach’ le linn duit a bheith ag íoc do do cheadúnas teilifíse ar líne, d’fhéadfaí áfach go gcuirfear do fhógra meabhrúcháin ceadúnas teilifíse chugat trí ríomhphost nuair a théann do cheadúnas teilifíse thar téarma. www.tvlicence.ie a iontráil i mbarra seoltaí do bhrabhsálaí agus Gabh a bhrú (nó Iontráil).

Seiceáil go bhfuil seisiún slán ann idir an brabhsálaí agus TV Licence.ie
Cuirtear seisiún slán idir brabhsálaí agus TV Licence.ie in iúl le híocón de ghlas fraincín ar an mbarra seoltaí. NÍL an seisiún slán mura bhfuil an glas fraincín ar taispeáint. D'fhonn an tslándáil is fearr a chinntiú, is ceart do chustaiméirí an leagan is déanaí de bhrabhsálaí a úsáid m.sh Internet Explorer 11 nó Firefox 45.0 nó níos airde. Is ceart do chustaiméirí a úsáideann leaganacha níos sine de na brabhsálaithe seo na leaganacha is déanaí a íoslódáil. Tá na sonraí go léir a théann idir do bhrabhsálaí Idirlín agus an suíomh gréasáin TV Licence.ie cosanta ó idircheapadh neamhúdaraithe. Úsáidtear an caighdeán tionscail de facto Sraith Soicéad Slán (SSL) mar phrótacal slándála chun sonraí a thaistealaíonn idir do bhrabhsálaí agus an suíomh a scrobhadh agus dá ndéanfaí idircheapadh air bheadh sé dothuigthe. Cinntíonn an córas SSL chomh maith gurb é an suíomh fíor TV Licence.ie atá á cheangal leis an seirbheálai mar go gcuirtear teastas digiteach a aithníonn an seirbheálaí chuig an mbrabhsálaí sula dtarlaíonn aon idirghníomhaíocht eile.

Coinnigh an Meabhrúchán Athnuachana agus an PIN slán
Tá d'Uimhir Thagartha Teilifíse 17 ndigit agus d'Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) 5 dhigit ar fáil i meabhrúchán athnuachana do cheadúnas teilifíse. Tá do sheoladh poist ann chomh maith. Mar sin, is ceart duit é a choinneáil sábháilte, le tú féin a chosaint ó ghoid céannachta agus le daoine eile a chosc ó logáil isteach le do cheadúnas teilifíse a athnuachan nó do sheoladh cláraithe a athrú. Is ceart duit an meabhrúchán athnuachana a choinneáil fiú tar éis duit do cheadúnas a athnuachan, mar go mb'fhéidir gur mhaith leat é a úsáid arís, má imíonn tú go teach nua mar shampla.

Déan cinnte go logálann tú as an gcóras i gceart tríd an gcnaipe 'Logáil Amach' a roghnú.


Slándáil
Slándáil an Cheangail Idirlín le TV Licence.ie:Úsáidtear an prótacal SSL chun na sonraí go léir a théann idir brabhsálaí an chustaiméara agus an seirbheálaí lárnach gréasáin a chosaint. Chomh maith leis an gcriptiú seiceálann cuid den phrótacal SSL sláine na sonraí le linn an tarchuir le cinntiú nach gcuirtear isteach air. Slándáil Shonraí Chártaí Creidmheasa agus Chártaí Dochar:Déantar sonraí Chártaí Creidmheasa agus Chártaí Dochar a ghabháil le linn seisiúin SSL, ar mhaithe le páirtithe neamhúdaraithe a chosc ó idircheapadh a dhéanamh ar na sonraí. Ní mór cód slándála an chárta, má tá sé clóite ar chárta an chustaiméara (ar a chúl go hiondúil) a iontráil. Mar nach dtaispeántar an cód seo ar an scáileán tar éis é a iontráil agus nach stóráiltear go buan é de ghnáth, is beart breise slándála é, mar nach mór don chárta a bheith i seilbh an tsealbhóra ag am an idirbhirt..


Tugtar cosaint do shonraí custaiméara atá stóráilte i gcórais lárnacha TV Licence.ie le leibhéal ard slándála atá bunaithe ar chrua-earraí agus ar bhogearraí. Ní stóráiltear sonraí cártaí Dochar agus creidmheasa go buan ar bhunachar sonraí TV Licence.ie - coinnítear iad le haghaidh chuspóirí an idirbhirt agus coinnítear iad ar na seirbheálaithe beo ar feadh tréimhse 60 lá ar mhaithe le freastal ar aon fhiosrú ionchasach ó chustaiméirí. Stóráiltear faisnéis ainm agus seoladh i gcórais Bhunachair Oifig Thaifead na gCeadúnas Teilifíse. Tá cosaintí láidre fisiciúla agus leictreonacha ar bun le rochtain neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis seo a chosc.

Nuair a cheannaíonn tú Ceadúnas Teilifíse ar líne iarrfaimid modh teagmhála ort, de ghnáth seoladh ríomhphoist nó uimhir ghutháin phóca. Déantar é seo lena chinntiú go bhfuil do shonraí seolta cearta againn i gcás go gcuirtear an Ceadúnas Teilifíse ar ais chugainn agus é marcáilte ‘do-sheachadta’. Coinnítear na sonraí teagmhála seo ar feadh 30 lá ar a mhéid agus scriostar iad tar éis don tréimhse ama seo a bheith caite.


Úsáid Fianán
Is ionann fianán agus píosa beag faisnéise a aistrítear chuig diosca crua do ríomhaire ó shuíomh gréasáin. Is féidir le fianáin faisnéis maidir le do roghanna a stóráil chomh maith le faisnéis eile atá uait nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin.

Úsáideann an suíomh gréasáin seo fianáin neamhbhuana chun faisnéis a aistriú chuig do ríomhaire le linn do chuairte. Rianaíonn na fianáin seo do thuras tríd an suíomh, agus ceadaíonn sé dúinn slándáil agus sláine na sonraí atá á n-úsáid a chothabháil. Má roghnaigh tú fianáin neamhbhuana a dhíchumasú ar do bhrabhsálaí athróidh an suíomh go hatreorú URL, agus ceadófar duit gach gné den tseirbhís ar líne seo a úsáid, ach d’fhéadfadh sé nach mbeidh codanna áirithe den suíomh gréasáin ag obair chomh héifeachtúil má dhíchumasaítear fianán neamhbhuana. Tá breis sonraí inár bPolasaí Fianán.

Nuashonrú deireanach Aibreán 2023