Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha...


Baineann na téarmaí agus coinníollacha seo leatsa an custaiméir as úsáid a bhaint as an tseirbhís íoctha ar líne don cheadúnas teilifíse (agus seirbhísí bainteacha a luaitear) ar a dtugtar TV Licence.ie/TV License.ie chun íoc as do cheadúnas teilifíse.

Tagraíonn téarmaí agus coinníollacha le téarmaí sa dara pearsa uatha duitse, an custaiméir atá ag clárú leis an tseirbhís TV Licence.ie/TV License.ie. Tagraíonn téarmaí sa chéad phearsa iolra do An Post, ag trádáil mar TV Licence.ie/TV License.ie (a luaitear feasta mar TV Licence.ie/TV License.ie).

Ar ghlacadh leis na téarmaí agus leis na coinníollacha seo duit aontaíonn tú le clárú le haghaidh na seirbhísí agus iad a úsáid mar a thuairiscítear iad (Agus aon seirbhísí eile nach bhfuil tagairt shainráite déanta dóibh ach atá ar fáil inniu ar TV Licence.ie/TV License.ie nó a d'fhéadfadh a bheith ar fáil aon uair amach anseo) ar bhealach cuí dleathach.


Reachtaíocht
Éilítear de réir dlí ar An Post seirbhísí áirithe maidir le Ceadúnais Theilifíse a chur ar fáil thar ceann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. San Acht Craolacháin 2009 agus i ndlíthe eile a leagtar amach an reachtaíocht maidir le Ceadúnais Theilifíse. Is féidir tuillleadh eolais faoin dlí maidir le ceadúnais theilifíse a fháil ach gliogáil ar an nasc seo.

http://www.irishstatutebook.ie/ (fuinneog nua)


Rochtain ar an Seirbhís
Tá seirbhís íocaíochta ar líne á cur ar fáil ag An Post duitse an custaiméir trí TV Licence.ie/TV License.ie ionas gur féidir leat do cheadúnas teilifíse a athnuachan, ceadúnas a cheannach den chéad uair nó na sonraí pearsanta agus an seoladh a bhaineann le do cheadúnas teilifíse a athrú má tá tú imithe go teach nó go háitreabh eile.

Eisítear Uimhir Aitheantas Pearsanta (PIN) duit leis an bhfógra athnuachana. Ceadóidh an PIN agus d'Uimhir Thagartha 17 ndigit teilifíse duit logáil isteach ar shuíomh idirlín an Cheadúnas Teilifíse agus do cheadúnas a athnuachan nó do shonraí pearsanta a athrú sa chaoi a thuairiscítear. Cuirtear na sonraí slándála seo ar fáil ionas go mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar do chuid faisnéise i do chuntas.

Beidh an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) bailí go ceann bliana amháin. Ba cheart duit d’fhógra athnuachana ar a bhfuil d’Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) agus d’Uimhir Thagartha Ceadúnas Teilifíse a choinneáil slán, chun bac a chur ar aon duine eile logáil isteach chun do cheadúnas teilifíse a athnuachan nó chun do sheoladh cláraithe a athrú.
Más mian leat ceadúnas a cheannach den chéad uair níl PIN ná uimhir thagartha teilifíse ag teastáil. Is féidir leat do chéad cheadúnas teilifíse a cheannach trí ghliogáil ar an gcnaipe Ceannaigh Ceadúnas Nua, agus an t-eolas a iarrtar a sholáthar ar an bhfoirm iarratais ar líne le haghaidh ceadúnais nua teilifíse.
Tá tusa freagrach as na sonraí logála seo a choinneáil slán agus as gan iad a nochtadh do dhuine ar bith. Má ligeann tú do dhuine ar bith rochtain a fháil ar an seirbhís le do shonraí logála tá údarás á thabhairt agat dóibh úsáid a bhaint as gach áis atá cláraithe agat, lena n-áirítear breathnú ar do chuid faisnéise agus íoc as do cheadúnas teilifíse.

Íocaíochtaí.
Íoctar as athnuachan a dhéanamh ar cheadúnas teilifíse, nó as ceadúnas teilifíse a cheannach den chéad uair, le cárta dochair nó le cárta creidmheasa. Tabhair faoi deara le do thoil nach ndéanfar d’íocaíocht a phróiseáil i gcás nach bhfuil dóthain cistí i do chuntas chun an t-idirbheart a chlúdach. Déanfar údarú ar líne ar gach cárta sula gcuirfear an t-idirbheart i bhfeidhm.

Íoc as Ceadúnas Nua
Déanfar do Cheadúnas Teilifíse a phostáil chugat laistigh de 10 lá oibre tar éis duit d'idirbheart a chur i gcrích. Mar ghníomhaí don Aire féadfaidh An Post ceadúnas a leasú sna dála cuí, mar shampla an seoladh lena mbaineann an ceadúnas teilifíse a leasú nó dátaí an cheadúnas teilifíse áirithe sin a cheartú.


Athruithe ar Shonraí Pearsanta
Tugann an tseirbhís TV Licence.ie/TV License.ie an cumas duit athrú a dhéanamh ar do chuid sonraí pearsanta a oiread agus a bhaineann siad le do cheadúnas teilifíse amháin. Is féidir leat do chuid sonraí pearsanta a athrú maidir le do cheadúnas teilifíse sna cúinsí seo a leanas:

nuair a bhíonn do cheadúnas teilifíse á athnuachan agat;

aon uair i rith na bliana a mbíonn do cheadúnas teilifíse bailí a fhad is a bhíonn d'Uimhir Aitheantas Pearsanta (PIN) agus d'Uimhir Thagartha Teilifíse agat.

Má tá tú ag imeacht go teach/go háitreabh nua agus má theastaíonn uait sonraí do sheoladh a athrú ar do cheadúnas teilifíse féadfar go dtógfaidh sé 10 lá oibre chun an fhaisnéis seo a leasú chun dáta ar an mbunachar sonraí.

Is féidir linn leasú chun dáta agus/nó athrú a dhéanamh chomh maith ar shonraí pearsanta eile. Is iad na sonraí is féidir a athrú ná: d'uimhir theileafóin, uimhir d'fhóin phóca, do sheoladh ríomhphoist nó do thoiliú i leith comhfhreagrais leictreonaigh a fháil ó Oifig Thaifead na gCeadúnas Teilifíse. Nuair a dhéanann tú athrú ar na sonraí pearsanta seo ar líne cuirfear na hathruithe seo i bhfeidhm láithreach.


Sonraí Pearsanta agus Cosaint Sonraí
Nuair a úsáideann tú an tseirbhís TV Licence.ie/TV License.ie aithníonn tú go bhfuil faisnéis rúnda de do chuid féin á tabhairt agat agus glacann tú leis nach n-úsáidfear an fhaisnéis seo ach chun seirbhis TV Licence.ie/TV License.ie a chur ar fáil agus nach nochtófar í d'aon tríú páirtí le haghaidh aon chuspóra ach chun gnáthoibriú na seirbhíse a chinntiú. Úsáidtear do chuid sonraí pearsanta ar TV Licence.ie le haghaidh na gcuspóirí seo a leanas:

Ceadúnas teilifíse a cheannach
Ceadúnas nua a eisiúint duit
Bunachar na gceadúnas teilifíse a nuashonrú
Cártaí creidmheasa nó cártaí dochair a fhíorú
Scríobh chugat maidir le do cheadúnas a bheith ag dul in éag; agus
Rabhadh a thabhairt duit faoi ardú nó athrú i modhanna íocaíochta.

Tá tuilleadh eolais faoi Chosaint Sonraí ar fáil inár Ráiteas Príobháideachais agus Slándála

D'fhéadfadh sé gur mhaith linn do chuid sonraí pearsanta a úsáid le faisnéis a thabhairt duit maidir le fógraí athnuachana leictreonacha má bhíonn an áis seo ar fáil amach anseo. Beidh deis agat áfach, rogha a dhéanamh gan an fhaisnéis sin a fháil.


Cearta Maoine Intleachtúla
Fanfaidh na Cearta Maoine Intleachtúla i sonraí nó in ábhair a fhorbraíonn nó a úsáideann An Post ar an suíomh idirlín TV License.ie/TV License.ie, dílsithe do An Post, nó dílseofar iad nuair a chruthaítear iad.


Slándáil ar Fhaisnéis Phearsanta agus Airgeadais
Níl san Uimhir Aitheantas Pearsanta (PIN) agus san Uimhir Thagartha Teilifíse 17 ndigit ach dhá cheann de na sonraí slándála a úsáidimid le cinntiú gur féidir leat rochtain a fháil ar do chuid faisnéise. Ní bheidh do PIN bailí ach ar feadh bliana amháin. Ar chúiseanna slándála ní féidir PIN malartach a eisiúint ar an bhfón. Tá córas slán íocaíochta ar líne in úsáid againn chomh maith. Tá tuilleadh faisnéise inár Ráiteas Slándála (fuinneog nua).


Fógraí
Is féidir aon fhógra atá le seirbheáil ort a sheoladh le ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a thugann tú dúinn agus measfar é a bheith faighte agat 72 uair an chloig tar éis é a sheoladh. Is féidir aon fhógra atá le seirbheáil orainne a sheoladh le ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a thugaimid agus measfar é a bheith faighte againn 72 uair an chloig tar éis é a sheoladh.


Fiosruithe maidir leis an seirbhís
Ní mór gach fiosrú faoi úsáid na seirbhíse a dhéanamh le fón, ríomhphost nó sa phost. Is é 1890 252749 an uimhir theileafóin agus bíonn sí ag feidhmiú 9.00 go 17.30, Luan go hAoine. Is é tvlicence.web@anpost.ie an seoladh ríomhphoist. Seirbhísí Ceadúnais, 1-2 Sráid Uí Chonaill Uachtar, Baile Átha Cliath 1 an seoladh poist. Má bhaineann d'fhiosrú le do Chárta Creidmheasa/do Chárta Dochair, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le soláthróir do Chárta Creidmheasa/do Chárta Dochair.