Seirbhísí Ceadúnais An Post

Ráiteas príobháideachais


Ina fheidhm mar ghníomhaire don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán / An Post ag trádáil mar tvlicence.ie] (“An Post”, ‘muid’) baileofar agus déanfar próiseáil ar do Shonraí Pearsanta a bhaineann le d'idirghníomhaíochta agus do bhearta leis An Post, lena n-áirítear nuair a thugann tú cuairt ar www.tvlicence.ie ( “suíomh gréasáin”). Mínítear sa Ráiteas Príobháideachais seo conas a dhéanfaimid do Shonraí Pearsanta a bhainistiú agus cén fáth go n-úsáidimid iad, agus conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist agat faoi na Sonraí Pearsanta atá againn fút. Nuair a úsáideann tú suímh ghréasáin An Post nó nuair a fhaigheann tú táirgí agus seirbhísí áirithe, féadfaidh ráitis phríobháideacha eile a bheith i bhfeidhm.

Ciallaíonn .Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis atá ag An Post nó a fhaigheann sé nó a thugtar dúinn, ar nós d'ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir/uimhreacha teileafóin agus uimhir UPSP (má tá tú i dteideal ceadúnas teilifíse in aisce) mar ar féidir tú a aithint go díreach nó go hindíreach, (má tá tú ag íoc le dochar díreach) nó sonraí íocaíochtaí eile, seoltaí IP agus aitheantóirí ar líne, ag brath ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil duit agus ar an tslí a ndéanaimid idirghníomhú. Féadaimid cineálacha eile Sonraí Pearsanta a bhailiú má bhíonn siad ag teastáil uainn lenár ndualgais a chomhlíonadh maidir le táille ceadúnas teilifíse a bhailiú agus Ach Craoltóireachta 2009 a fhorfheidhmiú.


Mar a bhailíonn muid do Shonraí Pearsanta

Gheobhaimid an chuid is mó de na Sonraí Pearsanta go díreach uait féin, nuair a thugann tú do chuid sonraí ag Oifig an Phoist le ceadúnas teilifíse a cheannach mar shampla nó nuair a dhéanann tú nuashonrú ar do shonraí seolta ar líne nó trí sheirbhís atreoraithe An Post nó nuair a dhéanann tú cumarsáid linn.

Féadfaimid cuid de d'fhaisnéis a fháil go hindíreach chomh maith, ó fhoinsí éagsúla, mar chuid de na feidhmeanna bailiú ioncaim agus imscrúdaithe atá againn. Déantar é seo mar chuid den dualgas dleathach atá orainn ioncam na gCeadúnas Teilifíse a bhailiú thar ceann an Aire Cumarsáide, Gníomhú Aeráide agus Comhshaoil.

Cén fáth go n-úsáidimid agus go gcoinnímid do Shonraí Pearsanta

Úsáidfimid do chuid Sonraí Pearsanta:
a)d’fhonn oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear:

(i) córas an Cheadúnais Teilifíse a chothabháil agus a riaradh, i mbailiú táillí an cheadúnais teilifíse, agus i bhforfheidhmiú na Reachtaíochta um Cheadúnas Teilifíse (an tAcht Craolacháin 2009), lena n-áirítear ainm agus seoladh na ndaoine sin nach bhfuil teilifíseán acu a thaifeadadh.
(ii) chun cabhrú le coireacht a bhrath agus a chosc agus cionta a ionchúiseamh; agus
(iii) nuair a ordaíonn cúirt leis an dlínse chuí dúinn faisnéis a nochtadh; agus

b) sa chás gur thoiligh tú lenár n-úsáid chun críche ar leith, ar nós teagmháil le ríomhphost nó le SMS (féach Roghanna Teagmhála TVLicence.ie thíos). Má thugann tú do thoiliú go n-úsáidfimid do Shonraí Pearsanta chun críche ar leith, tá sé de cheart agat ag am ar bith do thoiliú go n-úsáidfimid do Shonraí Pearsanta amach anseo chun cuid de na críocha sin nó gach ceann de na críocha sin a tharraingt siar trí scríobh chugainn ag an seoladh atá leagtha amach faoi “Déan Teagmháil Linn” thíos nó chuig d'oifig áitiúil taifid Cheadúnais Teilifíse.

c) nuair a bhíonn críoch dhlisteanach de chuid An Post lenár n-úsáid, lena n-áirítear:

(i) chun d'aitheantas a fhíorú nuair a dhéanann tú teagmháil le An Post ionas gur féidir linn do phríobháideachas a chosaint agus próiseáil neamhúdaraithe do shonraí a chosc;
(ii) cártaí creidmheasa nó dochair a fhíorú; (agus Ceadúnas Teilifíse á cheannach ar líne, ar an bhfón nó in Oifig an Phoist)
(iii) le haghaidh críocha laethúla oibríochta agus gnó, lena n-áirítear tuairisceoireacht bhoird agus ghrúpa agus cuspóirí bainistíochta;
(iv) comhairle a ghlacadh ónár gcomhairleoirí seachtracha dlí agus eile;
(v) d’fhonn cabhrú linn ár seirbhísí agus ár gcórais a fheabhsú, agus do thaithí ar ár suíomh gréasáin agus ar na seirbhísí ar líne a fheabhsú.

d) nuair is gá chun ár gcearta dlíthiúla a dheimhniú, a fheidhmiú nó a chosaint nó le haghaidh críocha imeachtaí dlí; agus

e) le haghaidh na gcríocha sin a cuireadh in iúl duit nuair a thug tú an fhaisnéis dúinn.

Cathain a nochtfaimid do Shonraí Pearsanta

Ní nochtfaimid do Shonraí Pearsanta ach amháin mar atá imlínithe thuas agus/nó mar a leanas:

a) nuair atá an nochtadh riachtanach le cur ar ár gcumas ár n-oibleagáidí de réir aon chomhaontú atá againn leat a chomhlíonadh;

b) d'aon duine a sholáthraíonn seirbhís dúinn nó a ghníomhaíonn mar ár ngníomhairí, lenar féidir cuideachtaí eile laistigh de Ghrúpa An Post nó soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a áireamh, ar an tuiscint go gcoimeádfaidh siad na Sonraí Pearsanta slán agus faoi rún;

c) don Roinn Coimirce Sóisialaí d’fhonn soláthar cheadúnais teilifíse in aisce a éascú;

d) nuair is gá dúinn do Shonraí Pearsanta a roinnt lenár n-iniúchóirí, ár n-achtúirí agus ár gcomhairleoir dlí agus eile; agus

e) má éilítear nochtadh le dlí nó le reachtaíocht, nó le hordú cúirte nó riaracháin a bhfuil fórsa dlí aige, nó má éilítear é ag aon cheann dár rialtóirí.

Ní roinnfimid do Shonraí Pearsanta le tríú páirtí ar aon tslí eile mura bhfaighimid do thoiliú i scríbhinn roimh ré chun é sin a dhéanamh.


Faighteoirí eile do Shonraí Pearsanta

In aon chás ina bhfuilimid ag gníomhú ar ár son féin agus go roinnimid do Shonraí Pearsanta le rialaitheoir sonraí tríú páirtí, beidh úsáid na Sonraí Pearsanta ag an tríú páirtí sin faoi réir bheartais phríobháideachta an tríú páirtí féin.

Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh Gréasáin, tá tú ag glacadh le téarmaí úsáide shuíomh Gréasáin An Post, chomh maith le téarmaí an Ráitis Príobháideachta seo. Tabhair do d'aire nach bhfuil feidhm ag an Ráiteas Príobháideachais seo ar aon suíomh gréasáin eile a mbeadh rochtain agat orthu ó www.tvlicence.ie agus ní mór tagairt a dhéanamh do ráitis phríobháideachais na suíomh gréasáin tríú páirtí sin. Nílimid freagrach as inneachar ná cleachtais phríobháideachais suíomhanna eile a dhéanfadh nasc nó atá nasctha lenár/ónár suíomh gréasáin. Sainaithnítear go soiléir aon naisc sheachtracha chuig láithreáin ghréasáin eile.

Do chuid Sonraí Pearsanta a Choinneáil

Tá dualgas orainn faisnéis chustaiméara áirithe a choinneáil d’fhonn cruinneas a chinntiú, cáilíocht na seirbhíse a chothabháil agus ar mhaithe le críocha dlíthiúla, rialála, cosc cailíse agus críocha dlisteanacha gnó.

Ní choinneofar faisnéis eile níos faide ná mar is gá do na críocha a fuair muid í nó mar atá riachtanach le haghaidh críocha dlíthiúla, rialála, cosc cailíse agus críocha dlisteanacha gnó. Go ginearálta, coinnímid an fhaisnéis seo ar feadh tréimhse seacht mbliana, ach amháin má éilítear orainn í a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide faoin dlí nó faoi na rialacháin infheidhme.

Nuair a cheannaíonn tú Ceadúnas Teilifíse ar líne iarrfaimid modh teagmhála ort, de ghnáth seoladh ríomhphoist nó uimhir ghutháin phóca. Déantar é seo lena chinntiú go bhfuil do shonraí seolta cearta againn i gcás go gcuirtear an Ceadúnas Teilifíse ar ais chugainn agus é marcáilte ‘do-sheachadta’. Coinnítear na sonraí teagmhála seo ar feadh 30 lá ar a mhéid agus scriostar iad tar éis don tréimhse ama seo a bheith caite.

Do chearta maidir le do Shonraí Pearsanta


Uasdátú agus ceartú do Shonraí Pearsanta

Más sealbhóir ceadúnais tú, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le haon cheann de na hOifigí Taifead Ceadúnas Teilifíse sa phost nó le ríomhphost (féach aguisín A) d’fhonn do Shonraí Pearsanta a uasdátú. Má tá na dintiúir riachtanacha logáil isteach agat chun logáil isteach ar do chuntas, féadfaidh tú do cheadúnas a aistriú chuig do sheoladh nua tríd an suíomh Gréasáin. Mura tusa sealbhóir an cheadúnais, iarrfaimid ort cruthúnas a sholáthar go bhfuil cead agat ó shealbhóir an cheadúnais aon sonraí a athrú.

Má tá Sonraí Pearsanta míchruinne againn fút, tá sé de cheart agat leasú a iarraidh ar na sonraí. Cé go ndéanfaimid iarrachtaí réasúnta chun do chuid Sonraí Pearsanta a choinneáil suas chun dáta, beidh ort fógra a thabhairt dúinn láithreach i gcás aon athrú i do chúinsí pearsanta, ionas gur féidir linn do chuid Sonraí Pearsanta a choinneáil suas chun dáta.

Ceart Rochtana

Tá sé de cheart agat cóip de do chuid Sonraí Pearsanta a fháil ach í a iarraidh, faoi réir ag eisceachtaí áirithe. Tabhair do d'aire go bhfuil sé de cheart againn éileamh go gcuirfidh tú tú féin in aithne sula bhfreagraímid aon iarratas rochtana.

Tá breis faisnéise ar fáil inár bPolasaí Iarratas Rochtana.



Ceart chun scriosta

Tá sé de cheart agat i gcúinsí áirithe do Shonraí Pearsanta, atá á gcoinneáil againn, a scriosadh trí scríobh chuig an Oifig Príobháideachais Sonraí, An Post, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtar, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2 nó privacyoffice@anpost.ie mar aon le:

1. D'ainm agus do sheoladh.

2. Cur síos ar na Sonraí Pearsanta ar leith ar mian leat a scriosadh.

Má iarrann tú scriosadh ar do shonraí pearsanta scriosfar do chuid sonraí go léir faoi réir ag an bhfógra tábhachtach seo a leanas.

Ní cheanglófar orainn do chuid sonraí a scriosadh má choisceann sé sin orainn ár n-oibleagáidí conarthacha sainiúla a chomhlíonadh, nó má tá ceangal orainn do chuid Sonraí Pearsanta a phróiseáil (lena n-áirítear iad a choinneáil) d'fhonn oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó má tá na Sonraí Pearsanta riachtanach le cearta dlíthiúla Coigilteas Stáit a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó le haghaidh imeachtaí dlí.

Faoin Acht Craoltóireachta 2009, is é An Post, faoi údarás oifigiúil an Aire Cumarsáide, Athrú Aeráide agus Comhshaoil, an gníomhaí ainmnithe chun táillí Ceadúnas Teilifíse a bhailiú, agus chun mainnitheoirí Ceadúnas Teilifíse a aithint agus ionchúisiú. Déanann An Post próiseáil ar shonraí pearsanta i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe dó. Níl na sonraí pearsanta sin faoi réir cheart scriosta.

Do Chearta Eile

In imthosca áirithe, tá sé de cheart agat srianadh a iarraidh ar úsáid do chuid Sonraí Pearsanta, agus cur in aghaidh úsáidí áirithe de do chuid Sonraí Pearsanta, i ngach cás faoi réir na srianta atá leagtha amach sna dlíthe um chosaint sonraí atá infheidhme. Ní úsáideann An Post cinnteoireacht uathoibrithe le haghaidh cuspóirí an cheadúnas teilifíse. Is féidir breis faisnéise faoi na cearta seo, agus na himthosca ina bhféadfadh siad teacht chun cinn maidir lenár bpróiseáil ar do Shonraí Pearsanta, a fháil ach scríobh chugainn ag an seoladh atá luaite faoi "Teagmháil" thíos nó chuig d'Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil.

In aon chás ina mbeimid ag braith ar do thoiliú le do Shonraí Pearsanta a phróiseáil, tá sé de cheart agat d'intinn a athrú agus toiliú a tharraingt siar trí scríobh chugainn ag an seoladh atá luaite faoi "Teagmháil" thíos nó chuig d'Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil..

Sa chás go mbraithimid ar chuspóir dlisteanach atá againne nó ag faighteoir tríú páirtí na Sonraí Pearsanta, chun Sonraí Pearsanta a úsáid agus a nochtadh, tá tú i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne úsáid nó nochtadh do Shonraí Pearsanta dá leithéid, agus má dhéanann tú amhlaidh, scoirfidh muid de do Shonraí Pearsanta a úsáid agus a phróiseáil chun na críche sin, ach amháin más féidir linn a thaispeáint go bhfuil cúiseanna dlisteanacha láidre ann chun leanúint ar aghaidh ag úsáid na Sonraí Pearsanta nó gur gá dúinn na Sonraí Pearsanta a úsáid chun críocha éileamh dlíthiúil.

I gcúinsí teoranta, d’fhéadfadh go mbeadh an ceart agat freisin chun iniomparthacht sonraí maidir le cuid de do Shonraí Pearsanta, rud a chiallaíonn gur féidir leat a iarraidh go gcuirfimid ar fáil duit iad i bhformáid struchtúraithe, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín, nó é a tharchur chuig ainmní tríú páirtí nuair atá sé sin indéanta go teicniúil.
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh maidir leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar do Shonraí Pearsanta leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí ag info@dataprotection.ie.

Roghanna teagmhála TVLicences.ie

Ní chuirfimid teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist srl ach amháin má thoiligh tú an chumarsáid sin a fháil trí TVlicences.ie. Má thug tú do sheoladh ríomhphoist nó d’uimhir theileafóin nuair a rinne tú teagmháil linn, féadfaimid ríomhphost nó teachtaireacht téacs a chur mar fhreagra ar d'fhiosrú. Féadfaidh tú diúltú don tseirbhís seo ag am ar bith ach logáil isteach ar an Scáileán Sonraí Pearsanta agus dí-ghliogáil ar an mbosca toilithe ar TVLicence.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le d'Oifig Taifead Ceadúnas Teilifíse áitiúil.



Déan teagmháil linn

Is ceart aon fhiosrú nó gearáin maidir le húsáid na Sonraí Pearsanta agus / nó feidhmiú do chearta aonair a dhéanamh leis an Oifig um Phríobháideachais Sonraí, An Post, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtar, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2 nó privacyoffice@anpost.ie.




Nuashonrú deireanach Meitheamh 2023