Modhanna Íocaíochta

Conas is féidir liom Ceadúnas Teilifíse a cheannach?

  • Íoc ar líne le MasterCard nó Visa
  • In aon oifig phoist le hairgead tirim nó le seic cárta dochair
  • Dochar Díreach
  • Fón: 01 7058800 le MasterCard nó Visa
  • Seol seic (crosáilte agus iníoctha le An Post) chuig Oifig Taifead na gCeadúnas Teilifíse áitiúil
  • Tá stampaí do cheadúnas teilifíse ar fáil i d'Oifig Phoist áitiúil
  • Airgead tirim ag ionaid áirithe Postpoint

Athnuachan ar do Cheadúnas Teilifíse
Nuair a bhíonn do cheadúnas teilifíse á athnuachan agat bíodh d'Uimhir Thagartha Teilifíse reatha ar láimh agat agus d'Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) don Seirbhís Ar Líne mar atá ar an bhfógra athnuachana a cuireadh chugat ó rannóg na gCeadúnas Teilifíse. Le moill a sheachaint is ceart duit d'fhógra athnuachana a bhreith leat nuair a bhíonn tú ag íoc san Oifig Phoist.

Meastar go dtugtar Ceadúnas Teilifíse trí athnuachan ar cheadúnas roimhe sin nuair a) a thugtar an ceadúnas don té céanna dár tugadh an ceadúnas roimhe sin, b) a bhaineann an ceadúnas leis an áit shonrach chéanna lenar bhain an ceadúnas roimhe sin agus nuair a thugtar an ceadúnas taobh istigh d'aon mhí amháin roimh dhul in éag an cheadúnaIs roimhe sin nó taobh istigh de dhá mhí dhéag i ndiaidh a dhul in éag.

Ceadúnas Céad Uaire
Is Ceadúnas Teilifíse den Chéad Uair gach ceadúnas nach trí athnuachan a thugtar é. Bíonn feidhm leis ón lá a dtugtar é agus leanann sé i bhfeidhm go ceann an aonú míosa déag tar éis na míosa a dtugtar é.