Dún an fuinneog

Ceadúnas Teilifíse

Athnuachan ar Cheadúnas Reatha

Meastar go dtugtar Ceadúnas Teilifíse trí athnuachan ar cheadúnas roimhe sin nuair a) a thugtar an ceadúnas don té céanna dár tugadh an ceadúnas roimhe sin, b) a bhaineann an ceadúnas leis an áit shonrach chéanna lenar bhain an ceadúnas roimhe sin agus nuair a thugtar an ceadúnas taobh istigh d'aon mhí amháin roimh dhul in éag an cheadúnais roimhe sin nó taobh istigh de dhá mhí dhéag i ndiaidh a dhul in éag.

Chun an tseirbhís Athnuachana ar an idirlíon a úsáid, ní mór duit an Uimhir Thagartha Teilifíse chuí agus Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) 5 dhigit a bheith agat.

Ceadúnas den Chéad Uair

Is Ceadúnas Teilifíse den Chéad Uair gach ceadúnas nach trí athnuachan a thugtar é. Bíonn feidhm leis ón lá a dtugtar é agus agus leanann sé i bhfeidhm go ceann an aonú míosa déag tar éis na míosa a dtugtar é.

Sa chás go roghnaítear an rogha seo nuair ba chóiriúla an rogha Athnuachana, is féidir le An Post, thar ceann an Aire, do cheadúnas a leasú sa chaoi sin is dóigh leisean nó léise nó leis An Post a bheith ceart i gcúinsí an cháis, go háirithe, (chun críche coigeartaithe) an dáta a bhaineann leis.

Sonraí Pearsanta a athrú

Ligtear duit, tríd an tseirbhís ar líne maidir le Sonraí Pearsanta a Athrú, do sheoladh a athrú, seoladh poist a chur isteach nó sonraí comhfhreagrais a athrú le linn ré feidhme an Cheadúnais Teilifíse. Ní cheadaítear ainmneacha a athrú ach amháin nuair atá Athnuachan á dhéanamh.

Ní mór duit an Uimhir Thagartha Teilifíse chuí agus Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) 5 dhigit a bheith agat chun an tseirbhís ar líne maidir le Sonraí Pearsanta a Athrú a úsáid.